21,99 €
inkl. MwSt.
Versandkostenfrei*
Versandfertig in über 4 Wochen
payback
11 °P sammeln
  • Gebundenes Buch

Is éard atá sa leabhar seo ná ábhar próis agus filíochta a roghnaíodh ó ocht gcinn de bhunleabhair Ghaeilge a d'fhoilsigh an t-údar ó Bhaile an Sceilg Mícheál Ua Ciarmhaic (1906-2005) idir 1984 agus 2000. Is é an cuspóir a chuir na díolamóirí rompu ná cnuasach tarraingteach ilghnéitheach a chur ar fáil, a léireodh pearsantacht agus saoltuiscint Uí Chiarmhaic agus a dhíreodh aird léitheoirí ar na ceisteanna cultúir agus comhshaoil a bhí tábhachtach dó.

Produktbeschreibung

Autorenporträt
Iascaire, feirmeoir, scríbhneoir agus péintéir as Baile an Sceilg in Uíbh Ráthach é Mícheál Ua Ciarmhaic (1906-2005). Taobh amuigh de thréimhse ghairid a chaith sé sna Stáit Aontaithe le linn ghéarchéim an Spealta Mhóir, is i mBaile an Sceilg a chaith sé a shaol ar fad, ag socrú síos ar thalamh a mhuintire, áit ar thóg sé féin agus a bhean Peigí seisear clainne. D'fhoilsigh sé ocht leabhar Gaeilge a thugann sárléargas ar shlite beatha agus ar chultúr ceantair agus pobail ar leith. Is iomaí eachtra a bhí aige ar muir agus ar tír agus léiríonn a chuid scríbhinní an t-eolas doimhin a bhí aige ar an dúlra agus an t-ómós a bhí aige don bheatha fhiáin ina thimpeall.