Le súil ghéar agus le stíl neamhchasta mar is dual dó, labhraíonn sé go hoscailte faoi dhúshláin agus faoi éachtaí an iriseora, go háirithe i gcúinsí casta cogaíochta agus coimhlinte, bíodh sé ag trácht ar ainnise riocht na dteifeach Coirdíneach ag teitheadh ó Saddam Hussein nó ar phróiseas na síochána i dTuaisceart Éireann.
Foghlaimeoidh iriseoirí óga agus mic léinn cumarsáide cuid mhór uaidh faoi ghnéithe den cheird, faoi dhiongbháilteacht agus faoi ghairmiúlacht an iriseora, agus go deimhin faoi thír na hÉireann agus faoi imeachtaí an domhain mhóir sa tréimhse sin ó na 1970idí i leith a mhúnlaigh saol agus sochaí an lae inniu.
Dieser Download kann aus rechtlichen Gründen nur mit Rechnungsadresse in A, B, BG, CY, CZ, D, DK, EW, E, FIN, F, GR, HR, H, IRL, I, LT, L, LR, M, NL, PL, P, R, S, SLO, SK ausgeliefert werden.








